← Luchóg na Cathrach agus Luchóg na Tuaithe 🔊
← Bhí tuí agus olann mar leaba aige, bosca beag mar bhord agus clocha beaga mar chathaoireacha. 🔊
← Chuir luchóg na tuaithe fáilte mhór roimh a chara agus shocraigh sé béile deas dó le síolta ón gcrann agus cruinneacht úr ón bpáirc. 🔊
← Bhí uisce gléigeal ón sruthán aige agus cnónna mar mhilseog. 🔊
← Ní raibh luchóg na cathrach róshásta leis an saghas seo bia agus is ar éigean a bhlas sé de ach fós féin bhí sé ag iarraidh a bheith béasach. 🔊
← An tráthnóna sin bhuail siad amach faoin aer agus bhí siad ag caint is ag comhrá. 🔊
← Bhí an cuairteoir ag caint faoi iontais na cathrach agus gach a raibh inti. 🔊
← "Ó, bíonn togha gach bia againn, cáis den scoth agus arán, cnónna milse agus feol bhog." 🔊
← Is féidir liom dul isteach go lár na cathrach agus dul chuig an margadh. 🔊
← Ach bhí an áit go deas ciúin agus d'éirigh leis codladh na hoíche a fháil. 🔊
← An mhaidin dar gcionn thug luchóg na catharach cuireadh dá chara teacht ar cuairt go dtí an chathair agus glacadh leis an gcuireadh. 🔊
← Chuaigh luchóg na tuaithe go teach luchóg na cathrach agus bhí gach rud díreach mar a dúradh go mbeadh. 🔊
← Bhí gach aon saghas síoda agus stróil ar fud an tí agus bhí luchóg na tuaithe an-tógtha leis. 🔊
← Shuigh siad chun boird agus bhí flúirse cáise agus ime agus torthaí agus cnónna ann. 🔊
← Nuair a bhí siad réidh chun dul ag ithe cad a tháinig ach cat agus é ag crónán. 🔊
← Chuaigh siad ar ais go dtí an bord nuair a bhí sé imithe agus bhí siad díreach chun dul ag ithe arís ach cad a tháinig ach madra agus é ag tafann. 🔊
← B'éigean dóibh rith arís agus dul isteach i bpoll go dtí go raibh sé imithe. 🔊
← Shuigh siad chun boird don tríú huair agus díreach nuair a bhí siad ar tí ithe d'oscail an doras agus tháinig scata daoine isteach. 🔊
← Theith na luchóga arís agus isteach sa pholl leo arís. 🔊
← "Téanaim ort, agus rachaimid isteach go lár na cathrach chun ithe," arsa luchóg na cathrach agus bhailigh siad leo isteach. 🔊
← Ní raibh le déanamh acu ach dul ar ais go dtí an teach agus sean-arán a ithe. 🔊
← Bhailigh luchóg na tuaithe a chuid giuirléidí le chéile agus ar seisean le luchóg na cathrach "Is féidir leat do rogha compord a bheith agat sa chathair le togha gach bia agus leaba chlúimh nó leaba shíoda. 🔊